Rinne Sir William Chambers an Casino a dhearadh i dtreo dheireadh an ochtú haois déag mar theach pléisiúir do James Caulfeild, an Chéad Iarla Charlemont. Glactar leis go forleathan mar an sampla is tábhachtaí den ailtireacht nuachlasaiceach in Éirinn.

Tá an Casino ar ceann de dhornán beag foirgneamh in Éirinn a dhear Chambers, an ailtire is mó clú lena linn. D’fhág sé an Casino lán de chleasanna ailtireachta, d’fheistí agus de rúin. In ainneoin go bhfuil an chuma air ón taobh amuigh gur teampall Gréagach aonseomra atá ann, tá trí urlár agus sé cinn déag de sheomraí gleoite ceilte taobh istigh. Is é an Casino an foirgneamh deireanach atá fágtha de dhiméin iontach an Tiarna Charlemont i Marino i mBaile Átha Cliath. Shín an diméin seo, suas go dtí deireadh an naoú haois déag, ón áit ina bhfuil Ascaill Uí Choileáin inniu an tslí ar fad ó dheas go dtí Marglann Marino i bhFionnradharc. Tá scéal an diméin agus an Casino é féin inste le léarscáileanna, mionsamhlacha, íomhánna agus litreacha atá ar taispeáint ar fud an fhoirgnimh. Tá turais ar an bhfoirgneamh ar fáil gach lá ó Mhárta go Deireadh Fómhair. Tá an Casino faoi stiúir agus faoi bhainistíocht Oifig na nOibreacha Poiblí.

Tá titim an-ghéar mórthimpeall an fhoirgnimh. Is gá súil ghéar a choinneáil ar pháistí i gcónaí.

Pleanáil Cuairt

Uaireanta Oscailte, suíomh, cúrsaí taistil agus a thuilleadh.

Oideachas

Eolas do mhúinteoirí agus do scoláirí.

Turas ar Líne

Tóg an turas ó chompord do chathaoireach féin!

Foghlaim Tuilleadh

Léigh a thuilleadh faoi stair an Casino.