Acmhainní

Le caoinchead ó Acadamh Ríoga na hÉireann, cuireann sé an-áthas orainn roinnt doiciméad tábhachtach a bhaineann le Casino Charlemont i Marino a chur ar fáil don phobal.

Cliceáil ar an íomhá den doiciméad chun teacht ar PDF iomlán. Is féidir an PDF sin a léamh ar líne nó a íoslódáil go dtí do ríomhaire féin. Tabhair aitheantas, le do thoil, d’Acadamh Ríoga na hÉireann in aon úsáid a bhaintear as na doiciméid seo. Tá na litreacha agus na billí eagraithe de réir dáta thíos.

Litir ó Mat[t]hew Peters chuig Thomas Adderley (Meitheamh, 1758)

Bhásaigh athair Charlemont in 1734 agus d’athphós a mháthair, Elizabeth Caulfeild (née Bernard). Bhí Thomas Adderley ina leasathair ag Charlemont agus, sna 1750idí luatha, ghníomhaigh sé ar a shon in Marino. Bhí an-spéis ag Charlemont na teicnící is nuálaí maidir le gairdíní tairgiúla a dhearadh a chur ar taispeáint in Marino agus, chuige sin, d’eagraigh sé go gcuirfí Matthew Peters ag taisteal ar fud Shasana ag cur lena eolas ar bhallaí, ar chrainn torthaí, agus ar shoirn. Tá cur síos déanta air sin sa litir. Nuair a d’fhill Peters chonaic sé go raibh faillí déanta sna ballaí agus sna crainn agus léiríonn sé a mhíshásamh anseo.

Litir ó Giovanni Battista Cipriani chuig Iarla Charlemont (Aoine, 17 Iúil 1767)

Déanann an litir seo tagairt do na cúig dhearadh (b’éigean athchuairt a thabhairt ar Véineas) a ceapadh do na ceithre dhealbh áiléir a dhear Cipriani do Charlemont, le cur suas sa Casino. Tá aistriúchán thíos.

My Lord, I didn’t touch with the pen the other figure of Venus, whose sketch I had the honour to show you, it not being different in the edge outline to that I formerly gave her along with the Ceres, and the Apollo, except a little in the left arm is lower and outstretched, therefore in the event that your excellency does not approve this design, the sculptor can easily amend [it]. In the meantime I presume to wish your Excellence a very happy journey and offer my very humble services and with profound respect give myself the honour of bowing… Your humble and devoted servant, GB Cipriani

Litir ó William Chambers chuig Iarla Charlemont (1768)

In 1768, sé bliana tar éis dó a phleananna don ‘Seomra Éigipteach’ a chur ar taispeáint, bhí Müntz fós ag dréachtú dearaí do Charlemont, ar choimisiún ó Chambers. Tar éis pleananna don Casino a phlé go mion – bhí an maisiúchán inmheánach fós sa tsiúl, creid é nó ná creid é – scríobh Chambers I have seen Müntz and pressed him to finish your Lordship’s design several times. He says now your Lordship will have a sketch of it by next post. Bhí an Casino agus an Seomra Gotach araon críochnaithe ón taobh amuigh cúig bliana roimhe sin, nuair a tháinig an Chuntaois Northumberland ar cuairt orthu. Ní fios cén dearadh de chuid Müntz a bhfuil Chambers ag déanamh tagairt dó anseo.

Litir ó Simon Vierpyl chuig Edward Murphy (1774)

Litir ‘fhite’ í seo idir Murphy agus Vierpyl. Murphy a chuir tús leis an gcomhfhreagras agus scríobh Vierpyl a fhreagra ar an leathanach céanna, thíos. Déanann sé trácht ar an mbailiúchán de dhealbha agus de bhustaí ar ar oibrigh Vierpyl do Charlemont sa Róimh; is mian le Murphy a fháil amach cén luach atá orthu, agus is é freagra Vierpyl, i mbeagán focal, nach féidir luach airgid a chur ar ealaín ná sásamh.

Litir ó Chambers chuig Charlemont (1779)

Sa litir seo ó Chambers go Charlemont, tugann Chambers le fios go mbraitheann sé uaidh a chomhfhreagras le Charlemont, agus deir sé gur bhreá lena chroí taisteal go Baile Átha Cliath chun bualadh leis, ach go bhfuil sé gafa le tógáil Teach Somerset. Cuireann sé i gcuimhne do Charlemont, chomh maith, go bhfuil bille nach bhfuil íoctha dó go fóill, agus tairiscíonn sé é a sheoladh an athuair má tá sé dearmadta ag Charlemont.

Bille ó Chambers go Charlemont (1779)

Is é seo an bille atá luaite thuas. Tagraíonn sé do threoir agus do dhearaí a cuireadh ar fáil ó 1773 go 1775, nár íocadh astu go fóill. Tá sé deacair a dhéanamh amach cén foirgneamh lena mbaineann na míreanna éagsúla, mar rinne Chambers obair do Theach Marino agus do Theach Charlemont chomh maith leis an Casino. I measc na ndearaí a bhfuil tagairt déanta dóibh anseo tá seastáin bhláthanna, síleáil pharlúis, agus seastán chun seandachtaí a choinneáil.

Regulation of Future Expenses at Marino (c. 1780)

Tá mionsonraí iontacha sna trí leathanach seo, scríofa i bpeannaireacht Charlemont féin, maidir le stiúrú na diméine. Tá na fostaithe uile liostaithe ann agus a dtuarastal leo. Feictear ón liosta gur fhostaigh sé aoire agus beirt bhuachaillí chun aire a thabhairt do na caoirigh a bhí mar ornáid sa pháirc aige. Is é atá sa ‘Regulation’ ná plean Charlemont le déileáil lena eastát i Marino ar bhealach níos tíosaí; bhí fiacha móra air ag an bpointe seo dá shaol. Leagadh go leor den fhreagracht as an spárálacht nua seo ar an Uasal Adams, maor an eastáit.

Tá go leor acmhainní eile le fáil go héasca ar an idirlíon. Ina measc tá:
  • Réadmhaoin luaite le muintir Charlemont ar Bhunachar Sonraí na nEastát Talún.
  • An leabhar sceitseála bídeach (7 cm ar fhad) a bhí ag Anne Caulfeild (née Bermingham), an Dara Banchuntaois Charlemont, sa Leabharlann Náisiúnta.
  • Albam Charlemont, leabhar sceitseála leis an teaghlach ó thart ar 1816, a bhfuil radharcanna ó thart ar Eastát Marino ann, i Lárionad Yale d’Ealaín na Breataine.