Marino le linn na Réabhlóide

Ó thabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair in 1914 go dtí Éirí Amach 1916 agus ar aghaidh go dtí Cogadh na Saoirse in 1921, bhí Marino lárnach i ngníomhaíocht réabhlóideach na linne. Bhí Complacht F, ‘MacDonagh’s Own’, mar a bhaisteadh orthu, lonnaithe sa cheantar, bhí cónaí ar Thomás Ó Cléirigh go háitiúil, agus bhí Teach Croydon (ceanncheathrú Arm Cathartha na hÉireann agus teach cónaithe James Larkin) laistigh de mhíle slí den Casino.

1914

Thug saighdiúirí na Breataine aghaidh ar Óglaigh na hÉireann in Marino i mí Iúil agus na hÓglaigh ag máirseáil ar ais le raidhfilí ón Asgard i mBinn Éadair. Cuireadh na gunnaí i bhfolach thart timpeall an tseaneastáit ina dhiaidh sin, go dtí go raibh sé sábháilte iad a bhailiú níos déanaí.

1916

Le linn an Éirí Amach, bhí Complacht F (Óglaigh na hÉireann bunaithe i mBaile Átha Cliath 3 agus le feiceáil sa phictiúr thíos os comhair an Casino) roinnte idir Monarcha Jacobs agus dhá dhroichead straitéiseacha áitiúla.

1920

Bhí roinnt náisiúnaithe, Harry Ó Colla ina measc, ag cur fúthu in árasáin i ‘dTeach Charlemount’, seanteach uasal Marino, a bhí fós ina sheasamh ag an bpointe sin.

1921

Rinne Mícheál Ó Coileáin agus beirt Ghael-Mheiriceánach an chéad dá mheaisínghunna Thompson in Éirinn a thaispeáint dá ‘scuad’ sna tolláin faoin Casino.

We were stopped and the police officer demanded that we give up the rifles. There was a short struggle between the men in front and the police, and the remainder of us were ordered into the Marino Estate, the walls of which adjoined the road at that time. Some shots rang out and a soldier fell near me. Stones were also thrown from behind a wall. In the field of the Marino Estate word was passed round that we were to get away if possible across country and I proceeded in what I thought was the direction of the city. On my way I picked up two rifles that had been discarded by other men and I eventually found myself behind a hedge bordering a road with three rifles in my possession where I remained for nearly an hour when I decided to ask a passing car or motorist for a lift.

Séamus Kavanagh ag trácht ar thabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair in 1914

Somewhere about this time a few cars were seized from the Army and Navy Canteen Garage and, after the seizure, I remember we were in a fix to find a garage for one. Fortunately I knew of a large shed in the grounds at Charlemount House, Marino, which was not in use at the moment. At that time the grounds of Charlemount House were used by allotment holders to help the drive for food. We formally applied to the Corporation, using fictitious names, for the use of the shed for storing tools for allotment holders. The car was only two nights in the shed when I was raided at my home in Charlemount House – a flat to which I had only removed a few weeks before. There was a hole in the side of the shed which we had not yet repaired. The number of the car could be read through this hole and I was sure it would be discovered. Yet it escaped.

Harry Ó Colla ag trácht ar Chogadh na Saoirse in 1920

Grianghraf dubh agus bán d’Óglaigh na Éireann, Complacht F, An Dara Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath (1913-1921). IE/AL/IMG/375 [c.1941-1966]. Leabharlann Allen.

Grianghraf dubh agus bán d’Óglaigh na Éireann, Complacht F, An Dara Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath (1913-1921). IE/AL/IMG/375 [c.1941-1966]. Leabharlann Allen.

Tógadh an grianghraf thuas sna 1940idí, agus taispeánann sé baill de Chomplacht F bailithe ar chéimeanna an Casino. Gach seans gurbh é Oscar Mac Tréinfhir a d’eagraigh an teacht le chéile, bhí sé ina Aire Cosanta ag an am agus bhunaigh sé Biúró na Staire Míleata in 1947. B’fhéidir gur roghnaíodh an Casino mar gurbh é (mar atá inniu) an foirgneamh deireanach a bhí fágtha de sheaneastát Marino ón 18ú haois déag, eastát inar cuireadh gunnaí Bhinn Éadair i dtaisce in 1914, inar mhair náisiúnaithe sa Teach Mór in 1920, agus inar thástáil Mícheál Ó Coileáin na gunnaí Thompson i dtolláin an Casino in 1921. Tá cuntas ar roinnt de na baill ba shuntasaí de Chomplacht F thíos. Bhí a thuilleadh acu, Harry Boland ina measc, a bhásaigh ar son na saoirse, agus níl siad sa ghrianghraf dá réir.

Proinsias Mac Ionnraic 1890 – 1959
Ba é Frank Henderson captaen Complacht F. Bhí sé bainteach le hÓglaigh na hÉireann ón gcéad slógadh in 1913. Ní raibh ach an sé bliana is fiche slánaithe aige faoi Éirí Amach na Cásca. I mBailtíní Windsor a bhí cónaí air. Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus den CLG agus ba dlúthchara é do Sheán O’Casey. Bhí a dheartháir, Leomhan, ina chaptaen ar Chomplacht B.

Harry Ó Colla 1891 – 1972
Chuaigh Harry Ó Colla leis na hÓglaigh tar éis sléacht Shiúlán Bhaitsiléir in 1914. Bhí sé fiche is a cúig bliana d’aois tráth an Éirí Amach. Cuireadh mar phríosúnach go Sasana é ina dhiaidh sin. Bhí Ó Colla ar dhuine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil in 1926 agus choinnigh sé suíochán i mBaile Átha Cliath Thoir Thuaidh ó 1943 go dtí gur chloígh Cathal Ó hEochaidh é in 1957. Bhí a dheirfiúr Gertie gníomhach le Cumann na mBan.

Oscar Mac Tréinfhir 1886 – 1963
Ba é Oscar Mac Tréinfhir, imreoir sacair gairmiúil, leifteanant Chomplacht F. Chuaigh seisean sna hÓglaigh tar éis imeachtaí Shiúlán Bhaitsiléir. Bhí sé fiche is a hocht tráth an Éirí Amach. Bhí sé ar an taobh frith-Chonartha sa Chogadh Cathartha agus toghadh ina Theachta Dála ina dhiaidh sin é. Ceapadh sa rialtas é agus rinneadh an tAire Cosanta dó in 1939. Tá bóthar áitiúil sa Chúlóg ainmnithe ina dhiaidh.

Proinsias Mac Ionnraic, Harry Ó Colla agus Oscar Mac Tréinfhir i ngrianghraf dubh agus bán d’Óglaigh na hÉireann, Complacht F, An Dara Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath (1913-1921). IE/AL/IMG/375 [c.1941-1966]. Leabharlann Allen.

Proinsias Mac Ionnraic, Harry Ó Colla agus Oscar Mac Tréinfhir i ngrianghraf dubh agus bán d’Óglaigh na hÉireann, Complacht F, An Dara Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath (1913-1921). IE/AL/IMG/375 [c.1941-1966]. Leabharlann Allen.

The first two Thompson machine guns were brought into Ireland from America by two Irish-Americans with military rank, whose names I cannot recall. One I believe was Colonel Dinneen. These guns were, I think, shortly after arriving here, brought to the Squad at Morelands in Abbey St where I remember were had a very happy time dismantling and putting them together and learning their mechanism. The Colonel and his friend gave us instruction on them but we learned all about them very rapidly as we were in our own rights, something of specialists in the use of small arms generally. In fact I was an instructor for the 2nd Battalion in small arms and automatics.

It was decided to take the Thompsons to the Casino at Fairview, in which there were a number of tunnels, and one afternoon some of the squad and myself and I believe Mick Collins and Oscar Traynor tried the guns out at the Casino. We fired live ammunition from the small vertical and large round magazines. The tunnels were well below ground and some members of the squad went outside watching and listening but very little sound could be heard. We succeeded in completely familiarising ourselves with these two guns.

…The first time i think that the Thompson guns were brought into action was shortly after testing them at the Casino when we endeavoured to ambush the military train conveying troops from the North Wall to somewhere in the north of Ireland, on the Drumcondra main line. The first attempt was made on the Drumcondra road.

William James Stapleton, ag trácht ar Chogadh na Saoirse, thart ar mhí Bealtaine 1921