An Casino

Bhí James Caulfeild, an Ceathrú Bíocunta Charlemont ag an am, díreach ag teannadh leis an tríocha bliain d’aois nuair a thosaigh sé an tioscnamh ailtireachta as ar cruthaíodh an Casino. Bhí an-spéis aige san ailtireacht, agus bhí staidéar déanta aige ar go leor samplaí d’fhoirgnimh chlasaiceacha le linn dó a bheith ag taisteal ar an Mór-Roinn. Tharla sé, mar thoradh ar a chuid taistil, go raibh sé cairdiúil le roinnt mhaith dearthóirí suntasacha chomh maith. Le linn dó a bheith curtha faoi sa Róimh, chuir sé aithne orthu siúd a bhfostódh sé ar ball chun a eastát i Marino a chruthú. Ina measc siúd bhí William Chambers, Simon Vierpyl, Johann Heinrich Müntz, agus Giovanni Battista Cipriani. Is léir ón gcomhfhreagras a mhaireann go raibh baint mhór ag Charlemont le leagan amach na bhfoirgneamh i Marino, mar aon lena theach i gCearnóg Rutland. Ar go leor slite, is léiriú a chruthaigh sé i Marino de na cultúir agus na stíleanna éagsúla a bhlais sé agus é ag taisteal, agus bhí na foirgnimh ann ina láithreacha taispeántais oiriúnacha don ollmhéid cuimhneachán agus earraí luachmhara a thug sé abhaile leis freisin. Sa phortráid seo, feictear é ina ógfhear sa Róimh, an Colasaem sa chúlra taobh thiar dó.

Bhí foirgnimh eile ar fud an eastáit in Marino. An Seomra Gotach (thugtaí Grianán Rosamund air chomh maith) an ceann ba ghaire acu den Casino – struchtúr beag i stíl ardeaglaise a d’úsáidtí, is cosúil, mar theach cóisire. Bhí foirgneamh eile ar a dtugtaí an Díseart; teach gairdín tuathúil, rómánsach, bunúsach a bhí tógtha, i bpáirt, as rútaí lúbtha agus géaga crann. Cuireadh le chéile pleananna do Sheomra Éigipteach, ach níor tógadh riamh é. Chuir na foirgnimh chomhlántacha seo stíleanna ailtireachta eile i láthair, ach ba é an Casino é féin a tógadh in ómós don stíl chlasaiceach. Sa lá inniu, déantar tagairt dó mar an sampla is tábhachtaí den ailtireacht nuachlasaiceach in Éirinn.

James Caulfeild, an Ceathrú Bíocunta Charlemont (an Chéad Iarla Charlemont ina dhiaidh sin) le Pompeo Batoni (1708–1787). Ola ar chanbhás. Dáta idir 1753 agus 1756. Lárionad Yale d’Ealaín na Breataine, Bailiúchán Paul Mellon.
An Casino. OOP.

Tá bonnchló an Casino i gcruth croise Gréagaí, agus níl sé ach caoga méadar cearnach. Tá trí urlár ina bhfuil sé sheomra dhéag ann. Cé go bhfuil siad beag, is cinnte gur féidir cónaí iontu; tá seomraí seirbhíse san íoslach, seomraí fáilte ar an bpríomhurlár agus seomraí codlata ar an urlár uachtair. Níl aon fhianaise go raibh cónaí ar aon duine san fhoirgneamh go fadtéarmach, áfach. Tá an chuma ar an bhfoirgneamh ón taobh amuigh gur teampall Gréagach aonseomra atá ann, agus ní mór a rá gur dearadh ailtireachta den chéad scoth a bhí i gceist chun cuimsitheacht an taobh istigh a bhaint amach. Áirítear leis seo, bréagfhuinneoga, giobdhoirse, colúin fholmha agus simléir fhollaithe. Ní osclaíonn ach leath an doras ollmhór tosaigh, i ndáiríre, chun bealach isteach a thabhairt.

Is beag atá ar eolas againn faoin gcuma a bhí ar thaobh istigh an fhoirgnimh nuair a críochnaíodh é. Tá cur síos gearr anseo is ansiúd i gcomhfhreagras Charlemont féin, nó i gcomhfhreagras a chuairteoirí, agus tá tagairtí tearca i gcatalóga díolacháin áirithe. Tá an taobh amuigh den fhoirgneamh maisithe go feiceálach. Tá ceithre dhealbh mar ornáidiú ar léibheann an áiléir; fógraíonn Bacchus, Ceres, Véineas agus Apalló an fuílleach agus an só a bhí mar spreagadh den Casino. Tá maighdeana mara agus murúcha fir lúbtha thart ar na potaí simléir. Tá síleálacha na bpoirsí seachtracha snoite go dlúth chun éifeacht stucó a chruthú. Seasann ceithre leon mhóra sa stíl Éigipteach ar garda ag na cúinní.

The curiosity of the place consists of a very fine Temple, Lord Charlemont is building at very great expense… The architecture is very correct and the stonework well executed. In the inside is a room for dining in and overlooking the fine prospect, which may contain the company of 12 or 14 people. On one side is a closet which is to hold books, the ceiling is a dome on which is to be painted the northern hemisphere and round ye frieze, ye signs of the Zodiac. On ye other side is a little drawing room… over these are two tolerable bedchambers and two smaller ones for servants. The floors are parquetted in the most sumptuous wood, painted satin furniture, gilding and every other expense is lavish’d on ye decoration of it.

An Bhantiarna Shelburne, 1769

Sir William Chambers (1723-1798) le Francis Cotes (1726-1770). Gailearaithe Náisiúnta na hAlban.

Ba é William Chambers an t-ailtire a dhear an Casino. Saolaíodh sa tSualainn é in 1723, cé gur Albanach ab ea a athair. Chaith sé a óige ag taisteal siar agus aniar go dtí an tSín mar ghníomhaire thar ceann Chomhlacht Sualannach na hIndia Thoir. Agus é in aois sé bliana is fiche thosaigh sé ar fhoghlaim cheird na hailtireachta i bPáras. Bhog sé go dtí an Róimh níos déanaí agus bhí sé ar lucht aitheantais Charlemont ansin. Bhog sé go Londain chun a ghnó a thosú sa bhliain chéanna a d’fhill Charlemont ar Bhaile Átha Cliath (1755). D’éirigh go han-mhaith leis i Sasana, agus tóir mhór air ag Seoirse III agus a mháthair, an Banphrionsa Baintrí Augusta. Bhí an-tionchar ag a Treatise on Civil Architecture, a foilsíodh in 1759, ar an nuachlasaiceas Pallaidiach sa Bhreatain. Bhí an Casino le feiceáil sa Treatise seo mar léaráid phláta (íomhá thíos). Bhí James Gandon ar na daltaí a bhí aige sna blianta ina dhiaidh sin.

I dteannta an Casino i Marino, rinne Chambers an dearadh do Theach Charlemont agus do Choláiste na Tríonóide, mar aon le leasuithe a dhearadh do Chaisleán Ráth Feárnáin, do Theach Bhaile an Chaisleáin agus do Theach Laighin, i measc a thuilleadh. Níor thug sé cuairt ar Éirinn riamh, áfach. Rinne sé a thionscadail le Charlemont a phlé, go han-mhion, agus thar thréimhse scór bliana, san iliomad litir; is féidir go leor acu seo a léamh go fóill in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá ceann dá bhunléaráidí don Casino ar taispeáint san fhoirgneamh.

Ingearchló ag taispeáint an tosach den Casino ag Teach Marino, Contae Bhaile Átha Cliath don Chéad Iarla Charlemont, 18ú haois, Sir William Chambers (1723-1796). Músaem Victoria agus Albert. Tá an léaráid seo bunaithe ar an bpláta a bhí sa Treatise on Civil Architecture (1759) a scríobh Chambers.
Simon Vierpyl (c. 1725 -1810) ó ghrúp-phortráid le John Trotter (d. 1792).

Ba é Simon Vierpyl a rinne maoirsiú ar chur i bhfeidhm dhearaí Chambers don Casino in Marino. Dearthóir agus tógálaí cruthanta ba ea é a raibh cónaí air sa Róimh ag an am céanna le Charlemont agus Chambers. Bhí Charlemont an-tógtha leis an obair a rinne sé ar choimisiún a tugadh dó – cóipeanna terracotta de dhealbha agus de bhustaí (in Acadamh Ríoga na hÉireann anois) – agus thug sé cuireadh dó teacht go hÉirinn. Tháinig Vierpyl anall in 1756 agus rinne sé an obair ar an Casino a mhaoirsiú, saothar a mhol Chambers ina Treatise. Chaith sé an chuid eile dá shaol in Éirinn, ag obair mar thógálaí nó mar fhorbróir ar an iliomad suíomh i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Phós sé faoi dhó agus bhásaigh sé i mBaile Átha Í i gCo. Chill Dara sa bhliain 1810, agus é thart ar cúig bliana agus ceithre scór.

Giovanni Battista Cipriani, mionsonra de phictiúr níos mó de Agostino Carlini, Francesco Bartolozzi, agus Giovanni Battista Cipriani le John Francis Rigaud (1777). An Gailearaí Náisiúnta Portráidí.

Péintéir Iodálach ba ea Giovanni Battista Cipriani (1727-1785). Duine eile de lucht aitheantais Charlemont sna 1750idí luatha sa Róimh a bhí ann. D’fhág sé siúd an chathair in 1755 chomh maith agus thaisteal sé i Sasana i dteannta Joseph Wilton. Dealbhóir ba ea Wilton a bhfuil a chuid oibre le feiceáil sa Casino sna ceithre leon atá ar garda taobh amuigh de. Ba é páirt Cipriani ná dearadh a dhéanamh ar na ceithre dhealbh don áiléar, mar aon leis na geataí dragain atá mar bhealach isteach go dtí an eastát. Tá cóipeanna dá chuid bunsceitsí do na ceithre dhealbh, chomh maith le sceitse athdhéanta de Véineas, le feiceáil ar taispeáint sa Scothsheomra Leapa sa lá inniu (cliceáil anseo leis an taispeántas ar líne a fheiceáil). Charlemont agus Chambers a roghnaigh na déithe atá léirithe (Ceres, Bacchus, Véineas agus Apalló), Cipriani a dhear iad, agus ansin ba é Wilton nó Vierpyl a shnoigh an dealbh ar an láthair.

B’fhéidir go mbainfeá sásamh as an bhfíseán gairid seo ar stair an Casino a rinne Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath.