Muintir Caulfeild

Scrollaigh síos an leathanach seo chun beathaisnéisí gearra, mar aon le portráidí, a fheiceáil de roinnt díobh siúd a bhí bainteach le muintir Caulfeild agus an t-eastát in Marino. B’fhéidir go mbeadh tairbhe sna naisc a leanas duit chomh maith: muintir Caulfeild i Leabhar na nUaisle, suíomh idirlín mhuintir Caulfeild, agus Bailiúchán Lámhscríbhinní Charlemont ag Acadamh Ríoga na hÉireann.
Cliceáil ar phortráid chun é a mhéadú.

Toby Caulfeild, An Chéad Tiarna Caulfeild, Barún Charlemont

2 Nollaig 1565 – 17 Lúnasa 1627

Rugadh Toby Caulfeild in Oxfordshire, Sasana, mac le Alexander Caulfeild (c. 1520 – c.1581; Alexander Calfhill chomh maith). Fear míleata a bhí in Toby, agus chuir an Bhanríon Eilís é chomh fada le Dún Charlemont ar theorainn Thír Eoghain agus Ard Mhacha in 1601. Bhronn an Rí Séamas I os cionn 25,000 acra talún i dtuaisceart na tíre air san fhiche bliain ina dhiaidh sin mar aitheantas as a sheirbhís don choróin,. Bhí cuid de sheantailte Uí Néill i dTír Eoghain san áireamh sa talamh sin – ba é Caulfeild a stiúraigh coigistiú na n-eastát sin idir 1607 agus 1610. Ba ar an talamh seo a thóg sé Caisleán Caulfeild, atá ina fhothrach anois. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath agus cuireadh é in Ardeaglais Theampall Chríost ansin.

Toby Caulfeild, an Chéad Tiarna Caulfeild, Barún Charlemont. Fearann poiblí.

Elizabeth Caulfeild (née Bernard), Bíocuntaois Charlemont

21 Feabhra 1703 – 20 Bealtaine 1743

Phós Elizabeth Bernard ó Chaisleán Mhachan, Co. Chorcaí, James Caulfeild, an Tríú Bíocunta Charlemont (1682 – 1734), in 1723 nuair a bhí sí fiche bliain d’aois. Bhí cónaí orthu i Sráid Jervis i mBaile Átha Cliath agus d’fhreastail seisean ar an bparlaimint mar Fheisire d’Achadh an Dá Chora (Charlemont) in Ard Mhacha. Bhí ar a laghad seisear clainne ar Elizabeth agus James sular cailleadh eisean aon bhliain déag níos déanaí; mhair triúr acu thar aois linbh. B’iad sin Francis, Alice agus James. Ar bhás a athar, rinneadh an Ceathrú Bíocunta Charlemont de James.

Phós Elizabeth arís, sé bliana i ndiaidh bhás a fir chéile. Thomas Adderley (1713 – 1791) ó Inis Eonáin i gCorcaigh a phós sí. Bhí cónaí orthu i mBaile Átha Cliath agus bhí leanbh amháin acu le chéile; Elizabeth Adderley. Leasathair ceanúil, gníomhach a bhí i Thomas Adderley do James Caulfeild, agus thug sé comhairle agus cúnamh dó agus é ag fás aníos agus ina dhiaidh sin. Cuireadh é i dTeampall Mhuire ar Shráid Mhuire i mBaile Átha Cliath; tá leac a uaighe le feiceáil go fóill, é leagtha in aghaidh an bhalla chúil den pháirc ar a dtugtar Páirc Wolfe Tone sa lá inniu.

Elizabeth Caulfeild, née Bernard, Bíocuntaois Charlemont, lena mac James Caulfeild, an Ceathrú Bíocunta Charlemont. Caisleán Léim an Bhradáin.

James Caulfeild, an Chéad Iarla Charlemont

18 Lúnasa 1728 – 4 Lúnasa 1799

Ar bhás a athar in 1734, tháinig James Caulfeild ina dhiaidh ina chuid teideal uile, an tOchtú Tiarna Caulfeild, Barún Charlemont agus an Ceathrú Bíocunta Charlemont. Rinneadh an Chéad Iarla Charlemont dó in 1763, mar aitheantas as an tsíocháin a choimeád i gceantar Ard Mhacha / Thír Eoghain. Bhí cáil air as an dúil mhór a bhí aige sna healaíona, agus chaith sé naoi mbliana fada ar a Thuras Mór ar fud na hEorpa agus amach go dtí an Tuirc agus an Éigipt. Le cabhair óna leasathair, Thomas Adderley, chuir sé faoi in Marino ar fhilleadh dó ar Éirinn in 1755. Thosaigh sé ar na feabhsúcháin ar a eastát in Marino, an Casino iomráiteach ina measc.

Bhí sé ar thús cadhnaíochta in go leor gnéithe de shochaí na hÉireann san ochtú haois déag. Bhí sé lárnach i mbunú Acadamh Ríoga na hÉireann agus ba é an chéad uachtarán a bhí air. Bhí sé ina bhall de Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, agus thacaigh sé le parlaimint Grattan. Chomh maith leis sin bhí sé ar bhunaitheoirí Óglaigh na hÉireann (bunaithe chun Éire a chosaint ar ionradh fad is a bhí trúpaí na Breataine ag troid i gCogadh na Réabhlóide i Meiriceá). Chuir sé go mór agus go buan le cultúr na hÉireann.

James Caulfeild, an Ceathrú Bíocunta Charlemont (an Chéad Iarla Charlemont ina dhiaidh sin) le Pompeo Batoni (1708–1787). Ola ar chanbhás. Dáta idir 1753 agus 1756. Lárionad Yale d’Ealaín na Breataine, Bailiúchán Paul Mellon.

Mary Caulfeild (née Hickman), Cuntaois Charlemont

D’éag 1807

B’as Brickhill i gCo. an Chláir do Mary Hickman, agus phós sí James Caulfeild in 1768 nuair a bhí James daichead bliain d’aois. Bhí sé ina ráfla nach raibh aon fhonn ar James i ndáiríre dul faoi chuing an phósta, agus nár phós sé in aon chor ach chun a chinntiú nach bhfaigheadh a dheartháir an t-eastát in Marino le huacht ina dhiaidh (níor réitigh sé féin agus Francis maidir le hailtireacht). In ainneoin sin, bhí an chuma air go raibh James agus Mary sona sásta le chéile; tá litir a chuireann síos uirthi ag léamh saothar scoláireachta amach os ard dó nuair a theip an radharc air in imeacht na mblianta.

Bhí ceathrar leanaí orthu: Elizabeth, Francis, James, agus Henry. Ar bhás a athar in 1799 rinneadh an Dara hIarla Charlemont de Francis. Lean Mary ag cur fúithi in Marino tar éis bhás a fir chéile, agus d’éag sí féin in 1807. Tá sí curtha lena fear céile in Ardeaglais Ard Mhacha.

Mary Caulfeild (née Hickman), Cuntaois Charlemont, ceaptar gur ealaíontóir i gciorcal John Downman (1750-1824) a rinne. Músaem Hunt, Luimneach.

Francis William Caulfeild, an Dara hIarla Charlemont

3 Eanáir 1775 – 26 Nollaig 1863

Ba é Francis Caulfeild mac le James agus Mary thuas, agus tháinig sé i gcomharbacht a athar mar Iarla nuair a bhásaigh sé siúd in 1799. Bhí sé ina fheisire d’Ard Mhacha i dTeach na dTeachtaí suas go dtí 1799. Ghlac sé suíochán i dTeach na dTiarnaí ó 1806. Ba mhór a spéis sa ghairneoireacht agus bhí sé ar choiste luibheolaíochta Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath. Ba mhinic a ainm agus ainm a phríomhgharraíodóra sna nuachtáin mar bhuaiteoirí na nduaiseanna as na bláthanna agus na torthaí ab fhearr a fhás do thaispeántais talmhaíochta i mBaile Átha Cliath.

Rinne sé cúram maith den eastát in Marino agus chuir sé tuilleadh leis, fiú. Rinne sé amhlaidh le tithe móra eile an teaghlaigh, Teach Charlemont i gCearnóg Rutland agus Caisleán Roxborough i gCo. Thír Eoghain. Sa teach in Marino a bhásaigh sé in 1863 agus cuireadh é i lusca an teaghlaigh in Ard Mhacha.

Portráid Teaghlaigh le Thomas Lawrence (1769-1830), ina bhfuil Francis William Caulfeild, an Dara hIarla Charlemont lena bhean chéile Anne Caulfeild (née Bermingham) agus a mac. Ola ar phainéal, 52cm x 45cm.

Anne Caulfeild (née Bermingham), Cuntaois Charlemont

c. 1780 – 23 Samhain 1876

Phós Anne Bermingham ó Chnoc Rois, Co. na Gaillimhe, Francis Caulfeild ar an 9 Feabhra 1802. Tá sí le feiceáil sa phortráid thuas lena fear céile agus lena mac. Bhí cáil uirthi as a háilleacht agus í óg. Tá portráid di agus í gléasta in éide an bhandia Psyche le Fabre le feiceáil thall. Rinne an Banphrionsa Louise, Cuntaois Albany, cóip chlúiteach den phortráid seo. Cuireadh busta di a rinne Joseph Nollekens ar taispeáint i gCaisleán Windsor; rinne an Tiarna Byron moladh ar áilleacht an tsaothair sin agus ar áilleacht na mná a spreag é. Scríobh sé faoi áilleacht an Bhantiarna Charlemont in áiteanna eile chomh maith, rud a chuir daoine ag caint faoin gcairdeas eatarthu.

Bhí ceathrar clainne ar Anne agus Francis – James, William, Maria, agus Emily – ach bhásaigh siad go léir sula raibh aon bhliain is fiche slánaithe acu. Nuair a d’imigh an lánúin in aois ba bheag an bhaint a bhí acu lena chéile. Ar theacht i gcoróin an Bhanríon Victoria, ceapadh Anne ina Bean Seomra Leapa agus chuaigh sí chun cónaithe i Londain. Bhí sí ag cur fúithi i Sráid Grosvenor nuair a bhásaigh sí ar deireadh in aois a nócha a cúig. Is féidir roinnt pictiúr uiscedhatha agus sceitseanna a rinne sí agus í ina bean óg in Marino a fheiceáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Ar an ábhar gur bhásaigh Francis gan oidhre ar bith air, d’aistrigh teideal Iarla Charlemont go dtí a nia, James Molyneux Caulfeild.

Anne Bermingham (mar Psyche) le François-Xavier Fabre (1766-1837). Musée Fabre, Montpellier.

James Molyneux Caulfeild, an Tríú hIarla Charlemont

6 Deireadh Fómhair 1820 – 12 Eanáir 1892

Ba é James Molyneux Caulfeild mac le Henry Caulfeild, agus mar sin ba gharmhac den Chéad Iarla é. Tháinig an teideal anuas chuige óna uncail, Francis. Saolaíodh é in Hockley, Ard Mhacha, agus bhí cónaí ansin air go dtí gur bhog sé go Cambridge dá chuid oideachais agus é ina dhuine fásta. Bhí sé ina Ard-Sirriam agus ina Fheisire d’Ard Mhacha ina dhiaidh sin, mar aon le hArd-Leifteanant do Thír Eoghain.

Bhunaigh James é féin go hiomlán i dtuaisceart na tíre, ag cur faoi i gCaisleán Roxborough. Ar bhás an Dara hIarla, thosaigh sé ag athdhearadh agus ag cur le Caisleán Roxborough, le cabhair ón ailtire William Barre. Bogadh roinnt earraí ó thuaidh ó na tithe i mBaile Átha Cliath agus cuireadh ina theach ansin iad. Ar bhás Anne Caulfeild, dhíol sé eastát Marino (an Casino san áireamh) leis an gCairdinéal Ó Cuilinn agus bhronn an Cairdinéal a fhormhór ar na Bráithre Críostaí. Tháinig deireadh le teideal Iarlaí Charlemont i ndiaidh James Molyneux Caulfeild cé go bhfuil teideal an Bhíocunta in úsáid go fóill; is é an 16ú Bíocunta Charlemont atá i seilbh an teidil i láthair na huaire.

James Molyneux Caulfeild, an Tríú hIarla Charlemont. Fearann poiblí.