Oideachas

Cuirimid turais threoraithe ar fáil a gcuirtear in oiriúint do riachtanais agus do spéiseanna éagsúla gach grúpa.

Is féidir turas do dhaltaí ag leibéal na bunscoile a úsáid chun tacú le gnéithe áirithe den churaclam, lena n-áirítear:
  • Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh (faigh eolas trí fhéachaint; foghlaim faoi ealaíontóirí, ailtirí agus dearthóirí ó réanna éagsúla; forbair scileanna braithnaitheacha)
  • Stair (conas mar a mhair daoine; na hathruithe a tharla thar thréimhsí éagsúla agus an tionchar a bhí ag na hathruithe sin ar dhaoine; tuiscint a fháil ar stair áitiúil agus foghlaim faoi fhianaise)
  • OSSP (luach a chur ar ár dtimpeallacht)

Cuirimid bileoga oibre ar fáil do dhaltáí bunscoile agus is féidir iad sin a chur ar fáil duit roimh do chuairt más mian leat.

Is féidir turas go dtí an Casino Marino a úsáid chun tacú le gnéithe de churaclam Staire na hArdteistiméireachta chomh maith.

Is fíor sin go háirithe maidir leis an stair shóisialta agus chultúrtha agus Ealaín na hArdteistiméireachta (dearadh agus ceardaíocht). Tagann an ailtireacht Sheoirseach in Éirinn, an Casino go háirithe, suas go mion minic ar pháipéir scrúdaithe na hArdteistiméireachta do Stair na hEalaíne.

Cuirimid ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta ar fáil do leanaí ó uair go chéile le linn laethanta saoire scoile agus i rith na Seachtaine Oidhreachta. Seiceáil anseo nó ar ár leathanach Facebook d’eolas sa bhreis. Cuirimid lánfháilte roimh mhic léinn atá ag déanamh taighde ar stair áitiúil, ar an ealaín, agus ar an ailtireacht chomh maith.

Caith súil ar an taispeántas ‘freagairt chruthaitheach’ a cuireadh ar siúl anseo le Coláiste Pháirc Mhuire. Is sampla é de na gníomhaíochtaí oideachasúla a reáchtálaimid le scoileanna áitiúla.

Tabhair faoi deara le do thoil go gcaithfear gach turas grúpa a chur in áirithe roimh ré. Téigh i dteagmháil linn má tá tuilleadh ceisteanna agat nó chun áirithint a dhéanamh.

Faigh amach a thuilleadh ...

… faoin Scéim um Chuairteanna Oideachais Saor in Aisce do Scoileanna.