Turas Ar Líne

Féach laistigh le Google

Tá turas idirghníomhach den taobh istigh den Casino le fáil chomh maith; cliceáil ar an íomhá le teacht air. Taifeadta do FDR Media ag Declan Clancy in earrach 2016.

An Chuile

Tá an phraiticiúlacht agus an áilleacht fite fuaite ar a chéile san fhoirgneamh seo. Feictear é sin ar dtús sa Chuile. Tá dhá cheann déag de cholúin Dhóracha mórthimpeall an fhoirgnimh, iad go léir ar comhchosúlacht. Tá ceithre cinn acu siúd folamh i lár baill, áfach, agus is taobh istigh díobh sin a shruthlaíonn an t-uisce anuas ón díon réidh. Thagadh an t-uisce anuas ar shlabhraí cré-umha an chéad lá, ach tá píobáin nua-aoiseacha ina n-áit anois. Tá sampla de cheann de na colúin fholmha seo léirithe anseo, agus an doras cuartha feistithe le feiceáil sa chúl.

Is í an Chuile an t-aon seomra ag leibhéal an íoslaigh ina bhfuil doras go dtí an taobh amuigh (osclaítear an príomhdhoras ón bpasáiste). Tá sí gar go leor den tollán fada, rud a thugann le fios gur dócha go n-úsáidtí í mar bhealach ón Casino go dtí na tolláin amuigh os a chomhair.

An Póirse Tosaigh

Is féidir léargas a fháil ar an tírdhreach a raibh an Casino suite ar dtús ann ó chéimeanna tosaigh an fhoirgnimh. Bhí caoirigh ar féarach sa pháirc ina thimpeall. Má shiúlann tú síos na céimeanna agus súil a chaitheamh siar ar an Casino ón talamh faoin doras tosaigh, feicfidh tú láithreach go bhfuil cuma an teampaill aon-seomra air ón taobh amuigh, le plean urláir leagtha amach mar a bheadh cros Ghréagach ann. Tá na fuinneoga neadaithe go cliste, agus tá na staighrí agus urláir a thrasnaíonn iad i mbréagriocht. Ón uillinn seo, agus don té a shiúlann thart taobh amuigh, tá radharc le fáil ar na dealbha. Seasann Ceres agus Bacchus ag tosach an fhoirgnimh, agus Apalló agus Véineas ar chúl. Léiríonn siad seo uile an sult agus an fhlúirse a bhí beartaithe don Casino. Tá na prócaí ar an díon (simléir cheilte) le feiceáil ón láthair seo chomh maith. Tá na leoin atá ar garda ag gach cúinne sa stíl Éigipteach.

As dair Éireannach a rinneadh an taobh amuigh den doras tosaigh ollmhór. Thug Chambers le fios ina threoir scríofa gur chóir ligean leis dul in aois go nádúrtha, sa chaoi is go dtiocfadh dath an airgid air in imeacht ama agus go mbeadh sé ar aon dath leis an gcloch Portland atá ina thimpeall. Tá an chodarsnacht idir scála an taobh amuigh agus scála an taobh istigh den fhoirgneamh le feiceáil go han-soiléir ach siúl ar ais isteach tríd an doras seo. Ní osclaíonn ach cuid den doras, agus tá cuma an-difriúil air ón taobh istigh den Halla.

An Halla

Tá an taobh istigh den doras ollmhór tosaigh cuid mhaith níos lú ná mar a shílfí ón taobh amuigh, agus is de mhahagaine rósadhmaid atá sé déanta. Is leid é an rópa a chrochann anuas ó díreach lastuas den doras seo go bhfuil fuinneog cheilte suite os a chionn. Tharraingítí anuas é chun an bealach isteach a chlúdach agus chun tuilleadh solais a scaoileadh isteach sa seomra. Tá roinnt cleasanna eile in úsáid a chuireann cuma i bhfad níos mó ar an halla seo, atá bídeach i ndáiríre. Cuireann na ballaí cuara, an tsíleáil chruinneachánach ar stíl an Phaintéóin, an bréagdhoras, agus an dath bán ar an uile rud, go léir le braistint an spáis sa seomra.

Léiríonn an phláistéireacht sa seomra seo móitífeanna clasaiceacha na talmhaíochta agus an chultúir. Tá suntas ar leith déanta d’uirlisí ceoil, Lir Apalló ina measc. Tá portráid de James Caulfeild, an Chéad Iarla Charlemont, ar taispeáint sa seomra seo, agus an Casino le feiceáil, ar éigean, sa chúlra. Tá an steil Ghréagach ar taispeáint anseo chomh maith, earra a bhí mar chuid den bhailiúchán a bhí ar taispeáint ag an Iarla, tráth dá raibh.

An Salún

Is é an Salún príomhárasán an Casino. In 1769, scríobh Charlemont go Chambers agus mhol “…the Entablature, doorcase etc of the room should be dead white touched with blue and that the cove parts of the ceiling… be of a more brilliant white.” Bhí baint ag scéim dathanna an tseomra leis na hornáidí a bhí ar taispeáint ann tráth – an leac shnoite 12” faoi 5” de lapis lazuli ar an matal marmair, go príomha. Bhíodh bord le barr den chineál céanna lapis lazuli air thall ar an taobh eile den seomra.

Aghaidh dhia na gréine, Apalló, atá i lárphíosa na síleála, mar mhacalla ar an tine íobartha agus an poll deataigh os a chionn a bhfaighfí mar lárphíosa i bhfíortheampall Gréagach. Tá an chosúlacht air nach bhfuil ach doras amháin sa seomra seo – an ceann isteach ón Halla – ach tá dhá ghiobdhoras (doirse follaithe, i riocht an bhalla ina bhfuil siad) i bhfolach sa dá chúinne ó thuaidh. Téann siad seo go dhá sheomra eile arís – an ceann thiar go dtí Cófra na bPoirceallán agus an ceann thoir go dtí Seomra an Stoidiaca

Seomra an Stoidiaca

Feidhmíonn an seomra seo mar an leabharlann chomh maith. Roinneann sé an ghéag thoir den chros Ghréagach (an chuma atá ar phlean an fhoirgnimh) leis an bpríomhstaighre agus, más ea, níl ann ach seomra an-bheag. Taispeánann an fhuinneog conas a fhollaítear an staighre seo ón taobh amuigh; ón taobh istigh tá dhá phána dhéag, ach ón taobh amuigh tá tríocha pána. Tá cruinneachán mór sa tsíleáil agus siombailí an stoidiaca breactha mórthimpeall air. I bpéint dhubh a bhí na siombailí seo céad bliain ó shin agus bhí an taobh istigh den chruinneachán péinteáile leis an réaltbhuíon a bhí sa spéir ar na oíche a saolaíodh an Tiarna Charlemont féin (an 18 Lúnasa 1728).

Scríobh George Montagu i litir go Horace Walpole in 1761, “I have been to see Lord Charlemont’s collection. He has some charming things that would merit a show even at Strawberry. His medals are very fine, a charming Titian of Borgia, two Carlo Marats, a Claude, two fine vases, a Queen Elizabeth, a lion’s skin of yellow that serves for a veil, a brave collection of books, etc.”

Cófra na bPoirceallán

Tá an seomra seo lonnaithe sa ghéag thiar den chros Ghréagach. Bhí sé i gceist ar dtús go mbeadh miondealbha agus bustaí de chairde Charlemont – leithéidí Swift, Grattan, Flood agus Fitzgerald – ar taispeáint sa seomra. Táthar ag tabhairt Cófra na bPoirceallán air ón naoú haois déag, tráth ar thosaigh an dara Bantiarna Charlemont ag baint úsáid as. Chuir sí leis an maisiúchán sa seomra, go háirithe leis an stucó Victeoiriach d’fhíniúnacha fite fuaite ina chéile. Tá an tsíleáil agus an choirnis anseo fós mar a bhí siad an chéad lá. Tá siombailí talmhaíochta le feiceáil i gcuas na síleála.

Anne Bermingham ó dhúchas ba ea an dara Bantiarna Charlemont, agus phós sí mac an Tiarna Charlemont, Francis, in 1802. Banoidhre saibhir a bhí inti, agus chuir sé sin ar chumas Francis eastát Marino a choimeád, fiú leis na fiacha ollmhóra a tháinig anuas le huacht air nuair a bhásaigh a athair.

Ceann an Staighre

D’imigh na seomraí thuas staighre go léir i léig le linn na tréimhse ar tréigeadh an Casino. Is amhlaidh gur thit an díon réidh isteach ag pointe éigin. Mar sin, b’fhéidir go raibh na seomraí seo níos maisithe tráth den saol ná mar a fhéachann siad sa lá atá inniu ann. Díreach ag ceann an phríomhstaighre, áfach, tá dearadh sliogáin spleodrach i bpláistéireacht an ochtú haois déag, agus b’fhéidir go dtugann sé sin leid dúinn faoin gcuma a bhí ar na coirnisí agus na cuasálacha i dtréimhse thosaigh an fhoirgnimh.

Tá staighre beag taobh thiar de dhoras cliste ar cheann an staighre a théadh suas go dtí díon an Casino. Bhíodh an-tóir ar an díon le linn an ochtú agus an naoú haois déag toisc go raibh radharcanna chomh hiontach amach thar na cluainte agus síos go dtí an cladach. Chuir an Tiarna Charlemont an radharc seo i gcomparáid le Bá Napoli na hIodáile, agus mhaígh gur chosúil binn Ó Cualann i bhfad ó dheas le Sliabh Veasúive.

An Scothsheomra

I ndrochriocht amach is amach a bhí an seomra seo nuair a tosaíodh ar é a athchruthú le linn thréimhse an athchóirithe. Is seomra gleoite inniu é, má tá sé bídeach féin. Thángthas ar phíosaí de cholúin, de mhaisiúcháin órga, agus den phéint ghorm sa smionagar ar an urlár agus bhí sé i gceist san athchóiriú go mbeadh gach rud ag teacht go díreach leis na heiseamláir sin. Thángthas ar chosa na bunleapa chomh maith agus tá siad sin ar taispeáint san fhorsheomra béal dorais. Cineál áirithe de chaise longue a bhí inti.

Tá ainmheasarthacht an tseomra seo i gcodarsnacht leis an stuaim agus an tsimplíocht atá léirithe sna seomraí thíos staighre, agus tá sé ráite go mb’fhéidir nach raibh baint ná páirt ag Chambers leis an dearadh. Níl nasc ar bith, go bhfios dúinn, idir Chambers agus an t-urlár uachtair agus d’fhéadfadh sé nach raibh i gceist ach go mbeadh urlár amháin os cionn leibhéal an íoslaigh nuair a stop seisean a chuid oibre ar an tionscadal (de bharr billí a bheith á n-íoc go déanach). Tá léaráidí bunaidh Chambers do thionscadal an Casino ar taispeáint sa seomra seo anois, mar aon le roinnt radharcanna den eastát sa naoú haois déag.

Turas Físeáin

Rinneadh an turas físe seo den Casino a thaifead d’Oíche Chultúir 2012. Turas deich nóiméad lenár dtreoraí Kevin atá i gceist, agus is iad Near TV a rinne an taifead.