Pleanáil Cuairt

Uaireanta Oscailte

Tá an Casino oscailte seacht lá na seachtaine ón 16 Márta go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2016.

Márta – Bealtaine agus Deireadh Fómhair (san áireamh)
10am – 5pm; cead isteach deireanach 4.15pm

Meitheamh – Meán Fómhair (san áireamh)
10am – 6pm; cead isteach deireanach 5.15pm

Tá an pháirc timpeall ar an Casino oscailte i rith na huaireanta a leanas:

Deireadh Fómhair go Márta (san áireamh) 7am – 7pm
Aibreán agus Meán Fómhair 7am – 8pm
Bealtaine – Lúnasa (san áireamh) 7am – 9pm

Suíomh

5km ó thuaidh ó Lár na Cathrach, le hais Bhóthar Mhullach Íde, tar éis an acomhail le hAscaill Uí Ghríofa (cas ar clé ag na soilse do choisithe i ndiaidh Cheanncheathrú Traenála Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath).

Taisteal

Freastlaíonn na busanna a leanas ar an gceantar: Uimhreacha 14, 27, 27A, 27B, 42, 43 agus 128 ó Stáisiún Uí Chonghaile, 42, 43 (ó Shráid Thalbóid); 14, 27, 27A, 27B, 128 (ó Ché Éidin); agus 123 ó Shráid Uí Chonaill. Seiceáil suíomh idirlín Bhus Átha Cliath do na sceidil is déanaí. Is é Teach Nazareth an stop is gaire den Casino.

Tá an stáisiún Dart i gCluain Tarbh 1.7km ón Casino. Seiceáil suíomh idirlín Iarnród Éireann do na sceidil is déanaí.

Tá páirceáil do ghluaisteáin agus do chóistí ar fáil, mar aon le racaí do rothair in aice an fhoirgnimh.

The Casino at Marino

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil an bealach isteach go dtí an Casino ar Bhóthar Pháirc an Chasaíne, sin é an casadh ar chlé ó Bhóthar Mhullach Íde tar éis Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath agus Teach Nazareth. Tá sé le feiceáil go soiléir san íomhá seo.

Áiseanna

Tá an Casino ar fáil d’ócáidí chomh maith, searmanais phósta, comhdhálacha, agus imeachtaí sa phobal áitiúil san áireamh. Tá srian áirithe ar an líon daoine. Tá eolas sa bhreis le fáil air seo ach dul i dteagmháil linn.

Tá an Casino tiomanta de rochtain a chur ar fáil do gach cuairteoir, nuair is féidir. Is gá rith céimeanna a thógáil go dtí an láthair fáilte agus na seomraí folctha san íoslach agus is gá dul suas staighre chun rochtain a fháil ar an taobh istigh. Tá bealach isteach do chathaoireacha rothaí go dtí an fearann agus an taobh amuigh den fhoirgneamh amháin. Bí i dteagmháil linn maidir le heolas faoi thurasanna den taobh amuigh.

Turais Threoraithe

Tá turais don phobal ar fáil ar bhuille na huaire, gach uair an chloig, le linn uaireanta oscailte. Is féidir turais phríobháideacha a chur in áirithe roimh ré agus tá siad sin ar fáil ar bhuille na leathuaire. Ba chóir de ghrúpaí de níos mó ná deichniúr teagmháil a dhéanamh linn roimh ré chun turas a chur in áirithe.

Cuairt

Uair an chloig ar an meán a mhaireann cuairt ar an Casino.

Grianghraif / Fístéipeanna

Tá cead grianghraif agus fístéipeanna a ghlacadh (ní cheadaítear splanc a úsáid) Bí i dteagmháil linn maidir le grianghrafadóireacht tráchtála, le do thoil.

Cead Isteach

Duine Fásta €4
Seanóir/Grúpa €3
Páiste/Mac Léinn €2
Teaghlach €10

Tá cead isteach saor in aisce acu siúd le Cárta Oidhreachta. Tá cead isteach saor in aisce acu siúd le cárta ballraíochta English Heritage, cárta Friends of Manx National Heritage, agus cárta Dublin Pass chomh maith.

Tá cead isteach saor in aisce ag cách ar an gcéad Chéadaoin de gach mí. Tá grúpaí scoile i dteideal cead isteach saor in aisce chomh maith.

Íoslódáil

Cód Iompair d’úinéirí madraí

Faigh amach a thuilleadh ...

… faoin Scéim um Chuairteanna Oideachais in Saor in Aisce do Scoileanna.

Sa Cheantar Freisin

Músaem Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath

Fad: 1km

Lonnaithe i ndiméin stairiúil Marino, tá bailiúchán mór d’earraí a bhaineann le stair na seirbhíse dóiteáin in Éirinn le fáil sa mhúsaem seo.

Promanáid Chluain Tarbh

Fad: 3km

Tá radharcanna áille ar Bhá agus ar Chathair Bhaile Átha Cliath ó Phromanáid Chluain Tarbh. Tá conair oidhreachta bunaithe ar an tsiúlóid chomh maith a dhéanann cur síos ar scéal na Lochlannach, Brian Borómha, agus Cath Chluain Tarbh.

Garraithe Náisiúnta na Lus

Fad: 4.5km

Is tearmann síochánta álainn iad Garraithe Náisiúnta na Lus, agus iad saor in aisce le cuairt a thabhairt orthu. Is institiúid eolaíoch den chéad scoth iad na Garraithe, agus tá an Luslann Náisiúnta mar aon le roinnt tithe gloine stairiúla d’iarann saoirsithe le fáil iontu.

Oileán an Bhulla

Fad: 5km

Tá an anaclann dúlra nádúrtha seo iontach ar fad le bheith ag faire ar éin agus ar fhiadhúlra eile. Tá neart spáis sa trá fhada ghainimh, sna duimhche agus sa chorrach le bheith ag spaisteoireacht agus ag ligean do scíth.